Jump to content

Lus an easpaig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLus an easpaig
Aegopodium podagraria Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deplanda inite Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhaicéin Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdApiales
FineApiaceae
GéineasAegopodium
SpeiceasAegopodium podagraria Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Planda ilbhliantúil atá dúchasach don Eoraip is an Áise mheasartha, ach a tugadh isteach i Meiriceá Thuaidh, is ea lus an easpaig.[1] Táirgeann na gais fhada dreaptha faoin talamh an iliomad buinneán duilleogach agus gas suas le 1 m ar fhad. Na duilleoga roinnte i dteascáin ubhchruthacha fhiaclacha suas le 8 cm ar fhad. Na bláthanna bána in umbail 2-6 cm ar leithead. Fiaile sheasmhach i ngairdíní. Uaireanta, itear na duilleoga úra, cosúil le spionáiste. D'úsáidtí é tráth mar chóireáil ar an ngúta, agus thugtaí fiaile (lus) an ghúta air.[2]

  1. “Aegopodium podagraria” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Lus an easpaig". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 424.